Jump to content

Wiki na mBan Erasmus+/Ag plé an réimse ábhair

From Meta, a Wikimedia project coordination wiki
This page is a translated version of the page WikiWomen Erasmus+/Exploring the topic area and the translation is 100% complete.

Uirlisí na Daltaí

Ag plé an réimse ábhair

Ó am go ham bíonn sé deacair ábhar taighde a aimsiú agus scríobh faoi, go háirithe do mhic léinn atá díreach ag dul isteach sa phróiseas taighde. Má leanann tú treoracha Wiki na mBan ó thús deireadh, gheobhaidh na rannpháirtithe bean le scríobh faoi. Féadann sé seo a bheith dúshlánach, go háirithe ós rud é gurb é an Vicipéid an chéad áit a bhfuil eolas beathaisnéise againn!

Mar sin cá bhfaighimid na mná atá ar iarraidh? San fhillteán seo, gheobhaidh tú uirlisí Vicipéide cabhrach is féidir a úsáid chun mná a aimsiú nach bhfuil alt scríofa fúthu. Tá cleachtaí ann freisin do scoláirí le déanamh sa rang nó mar obair bhaile ar an ábhar chun bean a aimsiú agus scríobh fúithi.

Eolas faoin ábhar seo
Uirlis Vicipéide GapFinderVicipéide https://recommend.wmflabs.org/
Uirlis Vicipéide Níl sé ar fáil sa teanga eile https://not-in-the-other-language.toolforge.org/

Cleachtaí Ranga

Leideanna plé

  • Cad a dhéanann alt/aiste ar chaighdeán maith?

Tascanna do dhaltaí

  • An féidir leat alt maith a fháil ar Vicipéid agus é a chur i láthair os comhair an ranga?
  • Cén fáth gur sampla maith é seo, i do thuairim?
  • An bhfaca tú alt tábhachtach atá in easnamh ón Vicipéid?