Jump to content

Wiki na mBan Erasmus+/Foireann Uirlisí Scoile/Bunúsacha Eagarthóireachta Vicipéide

From Meta, a Wikimedia project coordination wiki
This page is a translated version of the page WikiWomen Erasmus+/Schools toolkit/Wikipedia editing basics and the translation is 95% complete.
Outdated translations are marked like this.

Ceacht 3: Bunúsacha Eagarthóireachta Vicipéide

Réamhrá (10 nóiméad):

  • Fáilte agus Dul Siar: Déan athbhreithniú gairid ar phríomhphointí an cheachta roimhe seo faoin Vicipéid agus a thábhacht.
  • Spreag Plé Ranga:

Cén fáth a bhfuil eagarthóireacht chomhoibríoch tábhachtach? Conas is féidir le cumarsáid mheasúil comhoibriú ar ardáin mar Vicipéid a fheabhsú?

Bunúsacha Eagarthóireachta Vicipéide - Léiriú Deic Sleamhnáin (10 nóiméad) Deic Sleamhnáin: Cuir deic sleamhnáin i láthair ar bhunúsacha eagarthóireachta, ag plé topaicí cosúil le cuntas Vicipéid a chruthú, leathanaigh úsáideora a aimsiú agus a chur in eagar, agus an Clár Dubh a thuiscint.

  • Leathanaigh Úsáideora a chruthu agus a aimsiú
  • Clár Dubh

Obair Aonair (15 nóiméad)

  • Gníomhaíocht 1:

Cruthú Cuntas (5 nóiméad):

Treoraigh na daltaí tríd an bpróiseas chun cuntas Vicipéid a chruthú. Cinntigh go dtuigeann siad an tábhacht a bhaineann le hainm úsáideora agus pasfhocal a roghnú.

  • Gníomhaíocht 2:

Leathanach Úsáideora agus Clár Dubh (10 nóiméad):

Tabhair treoir do dhaltaí a leathanaigh úsáideora a aimsiú agus a chur in eagar. Ansin, treoraigh iad agus iad ag déanamh eagarthóireachta tástála ar an gClár Dubh. Spreag cruthaitheacht ina gcuid athruithe ar bhosca gainimh.

  • Is féidir leo tuilleadh cleachtadh ar leathanach úsáideora, athruithe ar an gClár Dubh agus ar Leathanaigh Phlé a dhéanamh mar chuid den obair bhaile.

Príomh-roghchlár agus Dréachtaí a Thuiscint (5 nóiméad)

  • Mínigh na difríochtaí idir ailt ar an bpríomhspáis (ailt bheo le feiceáil ar an ardán poiblí) agus dréacht-ailt (obair idir lámha) nó an Clár Dubh (spás tástála pearsanta).
  • Spreag Plé Ranga:

Cén fáth a gceapann sibh go bhfuil spás ann do dhréacht-ailt agus spád eile d’ailt bheo? Conas a chuideodh sé seo leis an bpróiseas eagarthóireachta?

Réamhrá don Leathanach "Plé" (3 nóiméad)

  • Mínigh coincheap an leathanaigh "Plé", áit a bpléann na heagarthóirí athruithe agus feabhsúcháin ar ailt.
  • Spreag Plé Ranga:

Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach spás speisialta a bheith agat chun athruithe ar alt a phlé? Conas is féidir leis cabhrú le caighdeán na n-alt Vicipéid a choinneáil?

Obair Ghrúpa:

Caint Bréige ar Leathanach "Plé" (10 nóiméad)

  • Eagraigh na daltaí i ngrúpaí beaga.
  • Cuir alt samplach ar fáil agus tabhair tasc feabhsúcháin ar leith do gach grúpa (m.sh., ag cur foinse leis, ag scríobh abairt nó alt breise).
  • Tabhair treoir do na grúpaí a gcuid athruithe molta a aontú ar leathanach bréige "Plé".
  • Spreag Gníomhaíocht Ghrúpa:

Pléigh agus aontaigh ar na hathruithe a dhéanfá chun an t'alt roghnaithe a fheabhsú. Cleachtaigh cumarsáid mheasúil le linn an phlé.

Críoch agus Tasc Obair Bhaile (2 nóiméad)

  • Béim a chur ar an tábhacht a bhaineann le cumarsáid ómósach san eagarthóireacht chomhoibríoch.
  • Tabhair obair bhaile:

Ba chóir do gach dalta eagarthóireacht shuntasach amháin a dhéanamh ar a gClár Dubh agus páirt a ghlacadh i bhfíor-phlé leathanach "Caint" ar alt spéise Vicipéid. Ba chóir dóibh machnamh a dhéanamh ar a dtaithí le plé sa chéad rang eile.

  • Is féidir leis an teagascóir Ábhar Plé a shocrú.

Nótaí don Éascaitheoir/Múinteoir:

  • Spreag rannpháirtíocht ghníomhach agus cleachtas praiticiúil le linn tascanna ina n-aonair.
  • Soláthraíonn an ghníomhaíocht ghrúpa tuiscint phraiticiúil ar eagarthóireacht chomhoibríoch agus cumarsáid ar Vicipéid.
  • Cuir i gcuimhne do dhaltaí meas a bheith acu ar threoirlínte agus rialacha Vicipéid agus iad ag déanmah eagarthóireacht agus ag caint le dhaoine eile ar alt.
  • Acmhainn ag teastáil: Leathanach siniú isteach chun na daltaí a n-ainmneacha úsáideora a scríobh síos.