Jump to content

Wiki na mBan Erasmus+/Foireann Uirlisí do Dhaltaí

From Meta, a Wikimedia project coordination wiki
This page is a translated version of the page WikiWomen Erasmus+/Pupil toolkit and the translation is 100% complete.

Foireann Uirlisí do Dhaltaí

Fáilte chuig foireann uirlisí do dhaltaí Wiki na mBan. Tá bailiúchán d’fhoinsí agus d’ábhair san fhoireann uirlisí seo le húsáid go díreach ag an múinteoir, nó le bheith mar inspioráid chun ábhair éagsúla a aimsiú agus a chruthú a thagann leis na hábhair san fhoireann uirlisí. Cosúil le Comain Wikimedia, tá an bailiúchán seo mar foinse oscailte agus saor le húsáid agus le comhlánú le hábhair ábhartha agus inúsáidte eile.

Tá aon chéim dhéag san fhoireann uirlisí, agus tá dhá cheann acu roghnach (Piarmheasúnú agus cur i láthair). Is féidir gach céim a fháil ar leathanach ar leith, ina soláthraítear míniú ar sprioc na céime. Áirítear i ngach fillteán freisin samplaí d'fhoinsí le húsáid agus cleachtaí le dul leis an ábhar nó le téama na céime ábhartha. Cuirtear gach céim ar fáil i mBéarla mar lingua franca: feidhmíonn an leagan Béarla mar shampla chun oibriú uaidh. Is féidir na hábhair a fhaightear sa leagan Béarla a aistriú go dtí do theanga. Chomh maith leis an leagan Béarla, tá trí leagan mionteanga ar fáil, is iad sin leaganacha i mBascais, i bhFreaslainnis agus i nGaeilge lena n-áirítear foinsí sna teangacha mionlaigh agus tromlaigh faoi seach.

Ábhar